Tairiseach Boltzmann

Tairiseach leis an tsiombail k in aonaid J K-1 (giúl in aghaidh an cheilvin), le luach 1.381 × 10-23 J K-1. Sainmhínítear é mar R/NA, mar arb é R tairiseach mólarach na ngás is NA tairiseach Avogadro. Tagann sé i gceist i staidéar ar airíonna staitistiúla na ngás, agus ainmníodh as Ludwig Boltzmann é.