Sa cheimic, próiseas ina dtuaslagann ábhar go mall de réir a chéile tar éis uisce a shú ón atmaisféar. Mar shampla, i gcás cuid de na salainn, clóiríd chailciam go príomha, súitear dóthain uisce ón atmaisféar tais le tuaslagadh san uisce sin. Súnn ábhar tais-scópach uisce óna thimpeallacht. Súnn ábhar taislíoch uisce óna thimpeallacht agus tuaslagann ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Taisliú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 640.