Teach cliste
Is éard is teach cliste[1] ann ná teach a bhfuil gach cuid de ceangailte le cáblaí ionas gur féidir cumarsáid gutha, físe is sonraí a dhéanamh idir na seomraí is na codanna éagsúla. Is féidir a leithéid de chóras a úsáid chun monatóiriú leanúnach a dhéanamh ar an teach agus deimhin a dhéanamh go bhfuil an teocht, an soilsiú is an timpeallacht de réir mar a socraíodh. Bíonn fearais go léir an teaghlaigh, aon mhéadair is rabhaidh, ceangailte leis an ríomhaire lárnach chun gur féidir iad a chianmhonatóiriú is a chianrialú.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “smart home — Aistriúchán Gaeilge ar smart home (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teach cliste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |