Ionradh na Normannach ar Éirinn

Ionradh na Normannach ar Éirinn
Ionradh na Normannach ar Éirinn

Pósadh Strongbow agus Aoife

Dáta: 1169–1175
Áit: Éire
Toradh: Conradh Windsor
Tiarnas na hÉireann bunaithe.
Céilí comhraic
Cambra-Normannaigh
Arm Dhiarmaid Mhic Mhurchadha
Ríochtaí na nGael:

Na Bailte Lochlannacha

Ceannasaithe
{{{ceannasaí1}}} {{{ceannasaí2}}}
Slua
{{{líon_comhraic1}}} {{{líon_comhraic2}}}
Taismigh
{{{taismigh1}}} {{{taismigh2}}}

Tharla an t-ionradh Angla-Normannach ar Éirinn ag deireadh an 12ú haois, nuair a d'éirigh leis na Normannaigh limistéir mhóra talún a chuir faoi smacht agus a ghabháil ó na hÉireannaigh, a d’éiligh ríocht Shasana ceannasacht orthu ina dhiaidh ansin. Ag an am, bhí Éire Ghaelach comhdhéanta de roinnt ríochtaí, agus an tArdrí ag éileamh tiarnas ar fhormhór na ríthe eile. Bhí ionradh na Normannach ina chor cinniúna i stair na hÉireann, ag marcáil tús níos mó ná 800 bliain de rannpháirteachas díreach Shasana agus, ina dhiaidh sin an Bhreatain le hÉirinn.

'Baile ríoga' ab ea Briostó, an dara bhaile ba mhó i Sasana agus an baile ba mhó tábhacht ar fad ar an gcósta thiar. Ba chathair tráchtála í thar aon ní eile, agus is as an gceangal ceannaíochta a bhí idir í is Duibhlinn (Baile Átha Cliath, inniu) a thagadh formhór a gcuid maoine. Níos déanaí ar aghaidh, bhronn an rí Anraí II (Fraincis: Henri II) na saor chearta chéanna ar Dhuibhlinn. Ansiúd anonn a thriall Diarmaid Mac Murchadha, i dtocach Mí Lúnasa 1166. Duine de dhaoine móra Bhristó ba ea Robert Fitzharding. Chuir seisean fáilte na féile roimh an deoraí oirdhearc agus chuir sé ar iostas í mainistir na nAgaistíneach sa bhaile mór é. Is beag nach deimhin gur le cabhair Mhuiris Uí Réagáin latimer (fear teangan) Dhiarmada, a chuireadar iad féin i dtuiscint sa chéile.

Seoladh Mac Murchadha chun Rí Shasana, agus tar éis iomad cuardaigh tháinig sé ar Anraí i nGuienne, am éigin tar éis na Nollag. Chuir Anraí roimhe ansiúd agus d'éist se lena achainí. Le linna óige, bhí Anraí, nó 'mac na hImperaise,' mar a thugtaí air, ag cuimhneamh ar Éire a ghabháil, agus sa bhliain 1155 chruinnigh comhairle a chuid barún chun an scéil a phlé, Cuireadh Seán ó Salisbury nó Johannes Parvus, (Fraincis: Jean de Salisbury) rúnaí do Thíobóid de Bec (Fraincis:Thibaut du Bec), Ardeaspag Chantorbuirg, don Róimh agus thug an Pápa Sasanach, cead dul ar aghaidh leis an ghnó dó. Níor thug Anraí geallúint go ndéanfadh sé féin paitinne a thabhairt do Dhiarmaid d'athbhunú ná Éire so ghabháíl. Ba é a rinne se na litreacha paitinne a thabhairt do Dhiarmaid á cheadú "d'éinne taobh istigh de theorainn ár ríochta cabhair is cúnamh a thabhairt dó chun Cúige Laighean d'fháil thar n-ais. D'fhill Mac Mac Murchadha dá bhrí sin ar Bhriostú agus, san áit sin dó, chuaigh se ag triall ar Risteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro, an té darbh ainm Strongbow ag Éireannaigh riamh.

Rinne na Normannaigh ionradh ar Éirinn ó Shasana i 1169 ar iarratas an Rí ar a dtugtar Diarmaid na nGall, a bhí ag súil le cabhair uathu, ach sheol Rí Anraí II Shasana a thuilleadh saighdiúirí le smacht a choimeád ar a arm Normannach. Bhí tionchar as cuimse ag na Normannaigh ar an oileán, ach níorbh gur éirigh siad 'níos Gaelaí ná na Gaeil féin', ag foghlaim na teanga dúchais agus ag pósadh isteach i dteaghlaigh Ghaelacha. Faoi dheireadh an 15ú haois bhí flaitheas na Breataine in Éirinn teoranta go héifeachtach do cheantar beag timpeall Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar an Pháil.