Tearanadón
Teireasár ollmhór ón tréimhse dhéanach Chailceach i Meiriceá Thuaidh. An réise sciathán suas le 7 m, an gob fada gan fiacla cothromaithe ag cíor chnámhach ag fás ó alt an mhuiníl, an t-eireaball laghdaithe ina sciotán gearr. Is dócha go n-itheadh sé éisc. Dúchasach i Meiriceá Thuaidh timpeall na farraige intíre a bhí ansin anallód. Cé nár dhineasár é (dála na dteireasár uile), bíonn sé in go leor leabhar faoi na dineasáir.[1]
Pteranodon | |
---|---|
Pteranodon longiceps | |
Sonraí | |
Airde | 2 m |
Mais | 93 kg |
Réise sciathán | 7 m |
Tacsanomaíocht | |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Pterosauria |
Fine | Pteranodontidae |
Fofhine | Pteranodontinae |
Géineas | Pteranodon Marsh, 1876 |
Méid | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tearanadón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |