Sa ghnáth-theilifíseán péinteáiltear an íomhá i 625 líne chothrománach chomhthreomhar, agus athdhéantar an phéinteáil seo le minicíocht fráma de 25 Hz. Cinneann an oiread línte seo an íogaireacht nó an taifeach spásúil is féidir a fháil san íomhá teilifíse. Is éard atá i gceist le teilifís ardghléine[1] ná aon chóras teilifíse le níos mó ná 500-600 líne san íomhá, agus formáid leathan cóimheas féachana na híomhá, cothrom le 16:9 ar an scáileán. Tá córais mar seo le suas go dtí 1050-1250 líne iontu á soláthar agus ag éirí caighdeánach.[2]

  1. “teilifís ardghléine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Teilifís ardghéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.