Gléas a úsáidtear chun lasc leictreach a dhúnadh nó a oscailt, nó comhla gáis a stiúradh de réir teochta. Feistítear an teirmeastat ionas go ndúntar an lasc nuair a thiteann an teocht faoi bhun leibhéil áirithe, agus cuireann sé seo téitheoir leictreach nó gáis ar siúl. Ansin nuair a ardaítear an teocht os cionn leibhéil shocraithe, braitheann an teirmeastat é sin agus scoireann an lasc don téitheoir. Feidhmíonn an stiall dhémhiotalach mar theirmeastat. Is féidir teagmháil na laisce a dhruidim isteach nó amach le cnaipe stiúrtha agus an teocht stiúrtha ag a lascann sé a shocrú. Ar an gcaoi seo feidhmíonn an stiall dhémhiotalach mar theirmeastat i ngléasanna mar théitheoirí, oighinn, coirí, cuisneoirí, seomraí is tithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmeastat". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.