Thomas Graham
Ceimicí is fisicí a rugadh i nGlaschú, duine de bhunaitheoirí na ceimice fisiciúla ab ea Thomas Graham (20 Nollaig 1805 – 16 Meán Fómhair 1869). Cheap sé an dlí tábhachtach go bhfuil ráta idirleata gach gáis i gcomhréir inbhéartach le fréamh chearnach dhlús an gháis (dlí Graham). Rinne sé taighde bunúsach ar airíonna collóideach, agus cheap gaireas chun collóidigh a scaradh ó chriostalóidigh.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |