Tionscadal Éidin
Forbairt inmharthana gairdín in Austol i gCorn na Breataine. Suite i gcráitéar créchlaise atá as úsáid, tá dhá chruinneachán gheodasacha mar a bheadh bolgáin iontu. I gceann amháin tá aeráid foraois thrópaiceach báistí cruthaithe, agus sa cheann eile aeráid the mheasartha. Tá bailiúchán mórthaibhseach éagsúil plandaí as gach cearn den Domhan iontu, ina measc samplaí ón tuath máguaird. Osclaíodh i 2001 é, agus is craobh aonaigh do chuairteoirí é.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |