Cur i bhfeidhm fórsa chasta ar ábhar. De thoradh fórsaí toirsiúnacha, tarlaíonn straidhn fhiartha. I luascadán toirsiúin, bíonn diosca réada ar crochadh go cothrománach le sreang atá ceangailte dá lárphointe, ionas go gcasann an diosca de bheagán i dtreo amháin, ansin ar ais sa treo eile, agus mar sin de. I meá toirsiúin, tomhaistear fórsaí tríd an oiread casta a bhrath.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Toirsiún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.