Is bac saorga ar ghníomhaíocht na dtonnta sa bhfarraige é tonnchosc.[1][2][3] Tógtar é chun na tonnta atá ag teacht isteach a bhacadh agus dídean a sholáthar i gcomhair áiseanna calafoirt nó caitheamh aimsire mara. Laghdaíonn tonnchosc fuinneamh na dtonnta agus athraíonn a dtreo forleata ar an taobh faoi dhídean. Mar sin, athraíonn sé imshruthú nádúrtha an ghainimh is an dríodair eile cois cladaigh, ionas go líontar an cuan is na cainéil loingseoireachta le glár go minic, malairt an toraidh a raibh súil leis.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tonnchosc” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-08-26.
  2. “breakwater” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-26.
  3. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “breakwater — Aistriúchán Gaeilge ar breakwater (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-26.
  4. Hussey, Matt (2011). "Tonnchosc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.