Sa ghéinitic, próiseas ina ndéantar cóip chomhlántach RNA de ghéin ar leith ar an DNA. Ní mór go mbeidh an DNA nó an chrómaitin i gcumraíocht oscailte chun gur féidir leis na próitéiní ar leith (na fachtóirí tras-scríofa) ceangal le tionscnóir na géine atá le tras-scríobh. Einsímí, a dtugtar polaiméaráisí RNA orthu, a chuireann tras-scríobh i bhfeidhm. Go minic bíonn tras-scríobh mar seo deilíneach.