Cnúdán
(Athsheolta ó Triglidae)
Tugtar cnúdán[1] ar éisc mara san fhine Triglidae a mhaireann ar an ngrinneall in uiscí cladaigh is farraigí measartha is trópaiceacha. Suas le 75 cm ar fhad. An ceann cosanta le plátaí cnámhara. Baineann an roc feidhm as an eite uchtach mar adharcáin nó cosa croise. Cuid acu, déanann siad fuaimeanna ar féidir a aireachtáil.[2]
Triglidae | |
---|---|
Chelidonichthys spinosus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Scorpaeniformes |
Fine | Triglidae Rafinesque, 1815 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | spideog agus Trigla |
Speicis roghnaithe
cuir in eagar- Chelidonichthys capensis — cnúdán na Rinne
- Chelidonichthys kumu — cnúdán dearg
- Chelidonichthys lastoviza — cnúdán breac
- Chelidonichthys obscurus — cnúdán fadeiteach
- Eutrigla gurnardus — cnúdán glas
- Lepidotrigla cavillone — cnúdán mórghainneach
- Lepidotrigla dieuzeidei — cnúdán spíonach
- Prionotus — cnúdán Atlantach
- Trigla lucerna — cnúdán gorm (nó cnúdán soilseach)
- Trigla lyra — cnúdán píobaire
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““cnúdán” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cnúdán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |