Uí Cheallaigh
Tá trí chlann ann in Éirinn darb ainm Uí Cheallaigh. Is í clann Uí Cheallaigh Uí Maine an ceann is suntasaí. Tá clann eile i mBreá, de shliocht Uí Néill. Tá clann shóisearach eile ann, Uí Cheallaigh Chualann, de shliocht Uí Mháil, ainmnithe as a n-áit dúchais.
Uí Cheallaigh Uí Mhaine
cuir in eagarCeallach mac Fíonachta, a mhair sa 9ú haois, is ea sinsear Uí Cheallaigh Uí Mhaine. Ba é Tadhg Mór Ó Ceallaigh an chéad duine a ghlac an sloinne,[1] a maraíodh i gCath Chluain Tarbh ag tríd ar son a chomhghuaillí, Brian Bóramha, rí na Mumhan agus Ardrí na hÉireann.
Feictear luathghinealach Uí Cheallaigh i Leabhar Uí Mhaine, scríofa sa 14ú haois, faoi ord ardeaspag Thuama, Muircheartach mac Pilib Ó Ceallaigh, spreagtha ag Liam Ó Ceallaigh, taoiseach Uí Mhaine. Caomhnaítear an leabhar i nAcadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
Seo a leanas chur síos ar armas Uí Cheallaigh Uí Mhaine:
- "gormghlas, túr trí-chorónach, tacaithe ag dhá leon airgid ina gcolgsheasamh, agus slabhraí ag teacht anuas óna táibhlí idir chosa óir na leon[1]
Is é an mana ná:
- "Turris fortis mihi Deus".[2]
- Túr láidir is ea Dia dom
Uí Cheallaigh Bhreá
cuir in eagarCeallach mac Congalaigh mhic Conaing use sinsear chlann Uí Cheallaigh, Brega. Ar cheann de Cheithre Chlann na Teamhrach is ea iad, a mheastar.[3]
Uí Cheallaigh Chuala
cuir in eagarCeallach Cualann mac Gerthidi is ea sinsear chlann Uí Cheallaigh Chualann,[4] rí Uí Mháil na Laighean ag deireadh na 7ú haoise.
Caisleán Uí Cheallaigh
cuir in eagar- Caisleán an Gharbhaile
- Caisleán Mhuine Mheá
- Caisleán Ghallaigh
- Caisleán Gháile
- Caisleán Moyvannan
- Mainistir Naomh Mhuire, Damhliag (réamhNormannach?)
- Mainistir Chill Chonaill
- Prióireacht Eachroma
- Prióireacht Chluain Tuaiscirt
- Achadh Raithin (Caisleán Uí Cheallaigh anois)
Féach freisin
cuir in eagar- Uí Mhaine, ríocht Uí Cheallaigh
- Ceallach mac Fíonachta, sinsear eapainmneach Uí Cheallaigh Uí Mhaine
- Ríthe Uí Mhaine, i gceannas Uí Cheallaigh ón 11ú haois ar aghaidh
- Ceallach Cualann mac Gerthidi, sinsear eapainmneach Uí Cheallaigh Chualann
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "O'Kelly (No.1) family genealogy - Irish Pedigrees". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "A Little O'Kelley History". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "O'Kelly (No.5) family genealogy - Irish Pedigrees". Library Ireland. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "Ireland's History in Maps - Leinster, Laigin - The Tribes of Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-23. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.