Tomhas ar chumas breosla cur in aghaidh cnagadh de bharr adhainte anabaí in inneall dócháin inmheánaigh. Déantar comparáid idir airíonna an bhreosla le tástáil is airíonna meascán d'iosoctán (a chuireann i gcoinne cnagtha) is heaptán (a chnagann go héasca). Cinneann comhdhéanamh an mheascáin sin is congaraí d'iompar an bhreosla an tomhas don bhreosla sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhir ochtáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.