Väinö Tanner
Duine de pholaiteoirí móra na Fionlainne sa 20ú haois a bhí i Väinö Alfred Tanner (Heilsincí 12 Márta 1881 - Heilsincí 19 Aibreán 1966). Rinne Tanner créachta Chogadh na gCarad a chneasú agus iarracht athmhuintearas a dhéanamh. Cosúil le de Valera, rinne Tanner cás láidir ar son an daonlathais.
Väinö Tanner | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
Bealtaine 22, 1907 - Dúiche: Satakunta Toghchán: 1907 Finnish parliamentary election (en) ![]()
Nollaig 13, 1926 - Nollaig 17, 1927 ← Kyösti Kallio - Juho Sunila →
Márta 12, 1937 - Nollaig 1, 1939 ← Juho Niukkanen - Mauno Pekkala →
Bealtaine 22, 1942 - Lúnasa 8, 1944 ← Mauno Pekkala - Onni Hiltunen → | |||||||||||
Saol | |||||||||||
Ainm iomlán | Väinö Alfred Thomasson | ||||||||||
Eolas breithe | Heilsincí, 12 Márta 1881 | ||||||||||
Náisiúntacht | An Fhionlainn | ||||||||||
Bás | Heilsincí, 19 Aibreán 1966 | ||||||||||
Áit adhlactha | Hietaniemi cemetery (en) ![]() | ||||||||||
Muintir | |||||||||||
Céile/Céilí | Linda Tanner | ||||||||||
Páistí | liosta iomláin
| ||||||||||
Oideachas | |||||||||||
Alma mater | Ollscoil Heilsincí Ressu Upper Secondary School (en) ![]() | ||||||||||
Teangacha | An Fhionlainnis | ||||||||||
Gairm | |||||||||||
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, iriseoir agus dlíodóir | ||||||||||
Áit oibre | Heilsincí | ||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Sóisialta Daonlathach na Fionlainne | ||||||||||
IMDb | nm1934986 |
LuathsaolCuir in Eagar
Bhí a athair ag obair don iarnród. Labhair a mháthair, as Uppland (an tSualainn), Sualainnis leis. Mar sin féin, bhain an buachaill óg amach an Ardteistiméireacht agus rinne sé staidéar ar an eacnamaíocht agus ar an dlí.
Bhí Tanner an-sáite i ngluaiseacht na gcomharchumann. Sa bhliain 1907 a vótáladh isteach an chéad uair é i dtoghcháin na Parlaiminte, agus é ina bhall de pháirtí na nDaonlathach Sóisialta. Cé gur Sóisialaí a bhí ann, bhí sé barúlach gur chóir don pháirtí comhoibriú leis na buirgéisigh mheasartha.
Níor ghlac Tanner páirt i gCogadh Cathartha na Fionlainne, agus é an-diúltach do na Gardaí Dearga. Dúirt sé nach raibh sa chogadh ach coiriúlacht agus amaidí.
PolaitíochtCuir in Eagar
Nuair a tháinig na Daonlathaigh Shóisialta chucu arís i ndiaidh an chogaidh, chuaigh Tanner i gceannas ar an bpáirtí. In Ard-Fheis na bliana 1926, chuir Väinö Hupli agus lucht a leanúna d'fhiacha ar Tanner éirí as oifig an chathaoirligh sa pháirtí. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, ceapadh ina Phríomh-Aire é.
Bhí an-mheas ag na maithe agus na móruaisle ar Tanner taobh amuigh dá pháirtí féin. Nuair a bhí boic mhóra na heite deise agus an tsaoil ghnó ag útamáil leis an smaoineamh deachtóireacht a dhéanamh den Fhionlainn in aithris ar an Iodáil Fhaisisteach, d'fhiafraigh an gróintín toiciúil tionsclaíochta Rafael Haarla de Tanner, an mbeadh seisean sásta dul i gceannas ar an tír ina dheachtóir i ndiaidh an choup d'état. Dhiúltaigh Tanner go múinte, agus é go tréan ar son an daonlathais.
Sa bhliain 1930, fuair lucht leanúna Tanner an ceann ab fhearr ar Hupli sa pháirtí, agus ceapadh ina chathaoirleach ar na Daonlathaigh Shóisialta arís é.
Bhí Tanner
- ina Phríomh-Aire sna blianta 1926-1927,
- ina Aire Airgeadais sna blianta 1937-1939,
- ina Aire Gnóthaí Eachtracha sna blianta 1939-1940, agus
- ina Aire Trádála agus Tionsclaíochta sna blianta 1940-1942.
Bhí Tanner ina chathaoirleach ar ghluaiseacht idirnáisiúnta na gcomharchumann sna blianta 1927-1945.
I ndiaidh an chogaidhCuir in Eagar
Bhí an tAontas Sóivéadach an-mhíshásta le chomh maith is a d'éirigh le Tanner an lucht oibre a choinneáil ag tacú le cuspóirí cogaidh na Fionlainne sa Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh, chuir na Sóivéadaigh brú ar an bhFionlainn pionós príosúin a ghearradh do Tanner, mar "choirpeach cogaidh". Chaith Tanner na blianta 1946-1948 sa phríosún. Bhí coimpléasc capaill ann, áfach, agus tháinig sé réasúnta slán as an ngéibheann.
Chuaigh sé le polaitíocht arís i ndiaidh bhlianta an bhraighdeanais, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí in athuair sna blianta 1957-1962.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |