Is éard is Sildenafil (Viagra a thrádainm) ann ná druga frithéagumais ghnéasaigh a shaothraigh an comhlacht Pfizer, agus a cuireadh ar an margadh don chéad uair i 1998.

WD Bosca Sonraí DrugaSildenafil
Spriocghalarvasculogenic impotence (en) Aistrigh, hipirtheannas scamhóige agus mífheidhmiú adhairce
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisAustralian pregnancy category B1 (en) Aistrigh agus US pregnancy category B (en) Aistrigh
Bealachriarachán béil
Grúpa cógaseolaíochtacomhdhúil cheimiceach
Cód ATCG04BE03
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC22H30N6O4S
Mais mhóilíneach474.6 Da agus 474.58 Da
Aitheantóirí
Uimhir CAS139755-83-2
PubChem (SID)135398744
IUPHAR/BPS4743
DrugBank00203
ChemSpider5023
UNII3M7OB98Y7H
KEGGC07259 agus D08514
ChEBI9139
ChEMBLCHEMBL192
PDB liogann IDVIA
ECHA100.122.676
Viagra

Oibríonn sé trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú.[1] Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.

Scéim cham is ea "natural" nó "herbal" viagra

Stair cuir in eagar

Ar an 27 Márta 1998, cheadaigh an Riarachán Bia is Drugaí úsáid an druga Viagra.

Sa bhliain chéanna, bhuaigh Robert F. Furchgott, Louis Ignarro agus Ferid Murad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis as a gcúnamh i léiriú feidhm ocsaíd nítrigine mar chomharthamhóilin sa chóras cairdifeadánach. Bhí an léargas seo tábhachtach i bhforbairt teiripí do ghalair croí agus saothrú an druga Sildenafil.[2]

Thosaigh Roinn na Cosanta Náisiúnta sna Stáit Aontaithe sna 200idí Viagra a sholáthar do sheansaighdiúirí – dhá phiolla bheaga ghorma an duine in aghaidh na míosa [3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. Hussey, Matt (2011). "Viagra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 698.
  3. Pádraig Ó Siadhail (2006). "Piollaí beaga gorma agus gunnaí móra daora" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-27.