Riarachán Bia is Drugaí
Gníomhaireacht rialtais sna Stáit Aontaithe is ea an Riarachán Bia is Drugaí (Food and Drug Adminstration) a dhéanann iniúchadh is tástáil, agus a leagann síos caighdeáin sábháilteachta d'ábhair bhia, cógais leighis, is raon leathan earraí agus seirbhísí baile a fhéadfaidh cur isteach ar shláinte daoine (mar shampla, cosmaidí is sreabháin glanta).
Leagann an Riarachán síos rialacha d'earraí gaolmhara (cosúil le lipéid, pacáil, soirn is gairis radaithe) agus ionaid ghaolmara (mar shampla, proinntithe, stainníní bia).
Glactar le caighdeáin is measúnuithe an FDA go forleathan ar fud an domhain.
Imeachtaí
cuir in eagarAr an 27 Márta 1998, cheadaigh an Riarachán Bia is Drugaí úsáid an druga Viagra.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Riarachán Bia is Drugaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 559.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |