Vicipéid:Laethanta roghnaithe/24 Lúnasa
Is é an 24 Lúnasa an 236ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 237ú lá i mbliain bhisigh. Tá 129 lá fágtha sa bhliain.
- 79 – Scriosadh na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum nuair a phléasc an Veasúiv
- 1899 – Rugadh Jorge Luis Borges, scríbhneoir (b. 1986)
- 1929 – Rugadh Iasar Arafat, Uachtarán ar an Údarás Phalaistíneach (b. 2004)
- 1957 – Rugadh Stephen Fry, fuirseoir agus láithreoir teilifíse
- 1981 – Gearradh téarma príosún saoil ar Mark David Chapman as John Lennon a dhúnmharú i mí na Nollag
- 1988 – Rugadh Rupert Grint, aisteoir
- 1990 – Scaoileadh saor Brian Keenan i mBéiriút tar éis cheithre bliana a bheith caite aige in aghaidh a thola sa Liobáin
- 1990 – Cailleadh Sergey Dovlatov, scríbhneoir Rúiseach (r. 1941)
- 1991 – Bhain an Úcráin neamhspleáchas amach ón APSS
- 1995 – Lainseáil Microsoft an córas oibriúcháin Windows 95 ar an margadh