W-Bósón

(Athsheolta ó W-cháithnín)

An cáithnín a iompraíonn an fórsa núicléach lag. Meathann sé go dtí leictreon, muón nó tó is an neoidríonó comhfhreagrach. Réamhinste ag teoiric Glashow-Weinberg-Salam, agus fuarthas faoi dheireadh é i 1983 in imbhuailtí idir prótóin is frithphrótóin i CERN.