Séas
I miotais agus i seanchreideamh na Gréige, is dia na spéire agus na toirní agus rí na ndéithe ar Shliabh Oilimpeas é Séas (as Sean-Gréigis: Zεύς, traslitriú: Zeús, fuaimniú: [zděu̯s] nó [dzěu̯s]). Tá an t-ainm 'Séas' comhchosúil leis an gcéad eilimint d'ainm a choibhéise Rómhánaí, mar atá Iúpatar. Tá a chuid miotaseolaíochta agus cumhachtaí cosúil, cé nach bhfuil siad comhionann, le cinn déithe Ind-Eorpacha mar Iúpatar agus mar Perkūnas agus mar Perun agus mar Iondra agus mar Dyaus Pita agus mar Thúr.[1][2][3][4]
Ba é Séas an pháiste is óige ag na Tíotáin Crónas agus Ria i miotaseolaíocht na Gréige. Ba iad Poiséadón agus Háidéas a dheartháireacha. Ba iad Héire agus Déiméitéir agus Heistia a dheirfiúracha.
Ba í Metis a chéad bhean chéile. Ba í Aitéiné an iníon de Shéas agus Metis.
Ba í Héire a bhean chéile agus banríon. Bhuail sí bob ar Shéas ionas go mbeadh a mac is leasdeartháir Earcail, Eoraistéas, ina rí ar Mhicéanae.
Ba iad Apalló agus Artaimís clann Shéais agus Lató[2].
Ba mhac le bean darbh ainm Ailcméiné agus leis an dia Séas é Earcail.
Ba í Héilin iníon Leda agus Shéais (athair na ndéithe) nó Tyndareus (Rí na Sparta).
Mac leis an mbean so-mharaithe Danae agus an dia Séas ab ea Peirséas[3].
Ba iad Aeacas agus Aingealós agus Afraidíté agus Apalló agus Airéas agus Artaimís agus Aitéiné agus Dinísias agus Eileithyia agus Enyo agus Eris agus Ersa agus Héilin na Traoi agus Héafaestas agus Earcail agus Heirméas agus Míonós agus Pandia agus Peirsifiné agus Peirséas agus Rhadamanthus agus na Grása agus na Horae agus na Liotae agus na Béithe agus na Fáithe i measc a chlainne.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol a bhaineann leis an nGréig é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ Thomas Berry (1996). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}": 20–21. Columbia University Press.
- ↑ T. N. Madan (2003). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Oxford University Press.
- ↑ Sukumari Bhattacharji (2015). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}": 280–281. Cambridge University Press.
- ↑ Roshen Dalal (2014). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Penguin Books. Entry: "Dyaus"