Scorpius (réaltbhuíon)
Ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca is ea an Scairp(♏). Scorpius, a chiallaíonn scairp, an t-ainm Laidine a thugtar go coitianta uirthi. De réir astralaíochta thiar, gairtear "Scorpio" di. Tá sí suite idir an Mheá, atá ar an taobh thiar di, agus an Saighdeoir, atá ar an taobh thoir di. Is réaltbhuíón mhór í, lonnaithe ar an leathsféar neamhaí theas in aice lár Chóras Bhealach na Bó Finne.
Ainm Laidine (IAU) | Scorpius |
---|---|
Nod | Sco |
Ginideach Laidine | Scorpii |
Siombalaíocht | an Scairp |
Dronairde | 17 h |
Diallas | −40° |
Achar | 497 céim cearnach Céim 33ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 9 |
Réalta is gile | Antares (α Sco) (méid 0.96) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +40° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe
cuir in eagarRéada suntasacha domhainspéire
cuir in eagarDe bharr shuíomh na Scairpe ar Bhealach na Bó Finne, is iomaí réad domhainspéire atá le feiceáil ar an réaltbhuíon seo, ina measc:
- M6: réaltbhraisle oscailte, dá ngairtear freisin Réaltbhraisle an Fhéileacáin
- M7: réaltbhraisle oscailte
Miotaseolaíocht
cuir in eagarTá sárchosúlacht ag an Scairp leis an araicnid atá ar aon ainm léi; is furasta ruball na Scairpe a thabhairt i ngrinneas, agus corp doiléir a aithint leis [1] Curtha i gcartlann 2005-05-26 ar an Wayback Machine. De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, léiríonn an réaltbhuion seo an scairp a chuir Gaia (nó an bandia Héire, b'fhéidir) chun an sealgaire Oiríon (miotaseolaíocht a mharú; tháinig an scairp aníos ón talamh ar ordú an bhandé. Cé go bhfuil an Scairp agus Oiríon le chéile sa mhiotas seo, is beag nach bhfuil réaltbhuíon an Bhodaigh (.i. Oiríon) díreach os comhair na Scairpe ar spéir na hoíche. Deirtear go ndearna Séas an réamh-aire seo nuair a d'ardaigh sé an dá cheann ar an spéir ionas nach dtoseofaí arís ar an naimhdeas ar neamh.
De réir leagain eile, áfach, ba é Apalló a chuir an scairp ar lorg Oiríon, ar mhéad a éada tar éis d'Artaimís a bheith ag giollamas leis an sealgaire. Níos déanaí, chun leorghníomh a dhéanamh sa choir, thug Apalló cúnamh d'Artaimís íomhá Oiríon a chrochadh ar spéir na hoíche. Crochadh an scairp ar an spéir chomh maith, áfach, agus gach uair a éiríonn sí thar an léaslíne, téann Oiríon faoi ar an taobh eile den spéir, ag rith go síoraí óna ionsaitheoir.
Tá an Scairp páirteach chomh maith i leagan amháin de mhiotas Faetón, mac amaideach Héilias (nó Apalló) ar thug a athair cead dó carbad na gréine a thiomáint ar feadh lae. Bhí na capaill ó smacht cheana féin nuair a scanraigh siad roimh an scairp mhór neamhaí agus a ruball ainlithe ar an aer ar tí cealgtha. D'imigh an carbad ó smacht ar an ngasúr neamhchleachtadh agus d'imigh an ghrian i bhfiáin trasna na spéire. Faoi dheireadh, leag Séas le saighneán é chun stop a chur leis an scrios a bhí á dhéanamh ar an Domhan aige, agus thit Faetón isteach san Eirideanas (.i. réaltbhuíon na hAbhann).
De réir mhiotaseolaíocht na Síne, is leis an Dragan Gormghlas na réaltaí seo de chuid na Scairpe; créatúr cumhachtach dea-mhéineach a bhí sa dhragan sin, a bhfógraíodh a éirí teacht an earraigh.
Astralaíocht
cuir in eagarNí hionann comhartha astralaíoch na Scairpe a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Deireadh Fómhair 23 - Samhain 21) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Samhain 23 - Nollaig 19).
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Scairp le dúil chlasaiceach an Uisce, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an uisce í (mar aon leis an bPortán agus na hÉisc). Tá sé ceann de na ceithre chomharthaí inathraithe (chomh maith leis an Cúpla nó Gemini, an Mhaighdean nó Virgo, agus na hÉisc nó Pisces). Tá an Scairp freisin ar cheann de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta an Tairbh, an Leoin, agus an Uisceadóra). Is é an Tarbh is frithchomhartha polach leis. Is é an Scairp áitreabh Mharsa. (Tar éis a aimsithe is é Plútón is pláinéad ceannasach nó comhcheannasach leis an Scairp dar le cuid mhaith ag na hastralaithe nua-aimseartha.)
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Scairp na baill ghiniúna.
Is é an scairp, an t-iolar, an phéist agus an féinics a úsáidtear mar shiombailí na Scairpe.
Réaltaí
cuir in eagar- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse acu:
- Antares nó Cor Scorpii nó Kalb al Akrab nó Vespertilio (21/α Sco) 1.06
- < ανταρης [seasann] in aghaidh Airéis/Mharsa
- < cor scorpii croí na scairpe
- < القلب العقرب al-qalb[u] al-caqrab croí na scairpe
- < vespertīlio an sciathán leathair
- Antares nó Cor Scorpii nó Kalb al Akrab nó Vespertilio (21/α Sco) 1.06
- Dschubba [Al Jabba] nó Iclarkrau (7/δ Sco) 2.29
- < الجبهة al-jabha[h] clár an éadain
- < ? iklil al ´aqrab coróin na scairpe
- Dschubba [Al Jabba] nó Iclarkrau (7/δ Sco) 2.29
- Shaula (35/λ Sco) 1.62
- < الشولاء aš-šawlā´ [an ruball] ardaithe
- Shaula (35/λ Sco) 1.62
- Graffias [Grafias] (féach β Sco) (ξ Sco) – ilréalta 4.16, 4.77
- Alniyat [Al Niyat]
- < النياط an-niyāţ na hartairí
- Alniyat [Al Niyat]
- Lesath [Lesuth] (υ Sco) 2.70
- اللسعة al-lasca[h] an chealg
- Lesath [Lesuth] (υ Sco) 2.70
- Jabhat al Akrab
- < جبهة العقرب jabhat[u] al-caqrab clár éadain na scairpe
- Jabhat al Akrab
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer acu:
- γ Sco, féach σ Lib; η Sco 3.32; ι1 Sco 2.99; ι2 Sco 4.78; κ Sco 2.39; μ1 Sco 3.00; μ2 Sco 3.56; 19/ο Sco 4.55; 6/π Sco 2.89; 5/ρ Sco 3.87; 17/χ Sco 5.24; 15/ψ Sco 4.93; 1/b Sco 4.63; 12/c1 Sco 5.67; 13/c2 Sco 4.58; d Sco 4.80; 22/i Sco 4.79; k Sco 4.83; 2/A Sco 4.59; A Sco 3.19; H Sco 4.18; N Sco 4.24; Q Sco 4.26
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed acu:
- Réaltaí suntasacha eile:
- HD 147513 5.38 – pláinéad aici
- PSR B1620-26 – déréalta le pulsár is abhac bán in M4; pláinéad aici
- Scorpius X-1 12.2 – deréalta X-ghathach
Féach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an Scairp ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2005-03-20 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Scairp agus Miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2005-12-15 ar an Wayback Machine
- an Scairp ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Scairp Curtha i gcartlann 2005-08-29 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Scairp
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |