Áiritheoir drithlíochta
Is é is áiritheoir drithlíochta ann feiste chun cáithníní luchtaithe inghluaiste a bhrath, ag baint feidhme as ábhair cosúil le hiaidíd sóidiam nó plaistigh ar leith a astaíonn solas (a dhrithlíonn) nuair a théann cáithnín luchtaithe tríothu. Déantar na bíoga solais a thaifeadadh le fóta-iolraitheoirí. Tá an fheiste tábhachtach chun amanna trasdul cáithníní a thomhas i dturgnaimh i bhfisic na gcáithníní.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Áiritheoir drithlíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |