Is éard is ångström (nó uaireanta i nGaeilge: angstram) ann ná aonad faid a úsáidtear sa chriostalghrafaíocht agus i mbrainsí bainteacha fisice. Is í an tsiombail Å a sheasann dó, agus is ionann 1 Å agus 10-10 m - is féidir a rá freisin gurb ionann aon nanaiméadar (nm) amháin agus deich n-angstram. Ní cuid de chóras idirnáisiúnta na n-aonad (SI) é an t-angstram. Fuair an t-aonad a ainm ón bhfisiceoir Sualannach Anders Ångström. Scríobhtar an tsiombail Å i gcónaí leis an comhartha idirdhealaitheach, mar atá an litir san aibítir Shualainnise. Is minic a scríobhtar ainm an aonaid i nGaeilge agus i mBéarla gan na comharthaí diaicritice, ach tá siad ann sna sainmhínithe oifigiúla.[1][2]

Bosca Sonraí AonadÅngström
Hydrogengassmolekyl.png
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálaonad faid agus aonad díorthaithe UCUM Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad defad Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtar UnicodeÅ Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmAnders Jonas Ångström Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid SI0 m Cuir in eagar ar Wikidata
In aonaid caighdeánacha1,000,000,000 nå Cuir in eagar ar Wikidata

TagairtíCuir in Eagar

  1. Webster′s Encyclopedic Unabridged Dictionary of the English Language. Portland House, 1989.
  2. http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=%C3%A5ngstr%C3%B6m, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge