Coincheap is ea an tAdamhachas a bhí ann chomh fada siar leis an 5ú céad RC, a bhain leis na heolaithe is fealsaimh Ghréagacha Deamócratas is Leocapas, a thairg go bhfuil gach damhna comhdhéanta as cáithníní doroinnte agus gur gá a n-airíonna a mhíniú i dtéarmaí na gcáithníní sin is a n-airíonna siúd.

Stair cuir in eagar

Baineadh an chéad úsáid as an téarma dúil (stoicheia) thart ar 360 RC. Ba é an fealsamh Gréagach Platón a luaigh é ina agallamh beirte Timaeus, ar tráchtas bunúsach é ar an gceimic agus ar an bpáirt atá aici i gcomhdhéanamh na neachanna beo agus na gcorpán neamhbheo. Shíl Plato go raibh cruth speisialta ar na cáithníní is lú a bhí i ngach dúil: teitrihéadrán (tine), ochtaihéadrán (aer), icisihéadrán (uisce), agus ciúb (cré).[1]

       
Teitrihéadrán (tine) Ochtaihéadrán (aer) Icisihéadrán (uisce) Ciúb (cré)

Chuir Locke, Boyle is Gassendi fealsúnacht choirpíneach, cosúil leis an seanadamhachas, chun cinn sa 17ú céad.

D'fhorbair fisic nua-aoiseach na gcáithníní ó bhunús eile, bunús turgnamhach fisiciúil.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Problem of the Soul in Aristotle's De anima" (2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-09-09. Dáta rochtana: 2019-07-27.
  2. Hussey, Matt (2011). "Adamhachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.