Airgetmar

tiarna Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Airgeadmhar (Sean-Ghaeilge Airgetmar) mac Síorláimhe.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAirgetmar
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairSíorlámh Cuir in eagar ar Wikidata

Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann[1] gur mharaigh sé Fíachu Tolgrach i mbun comhraic, le linn réim Ailealla Fhionn. Chuir Eochaid mac Ailella, Lughaid mac Eochada Fhiamhuine agus fir na Mumhan ar deoraíocht ámh é. Tháinig sé ar ais go hÉirinn seacht mbliana ina dhiaidh, agus mharaigh sé Ailill le cuidiú Dui Ladrach. Rinneadh Eochaid ina rí, ach mharaigh Airgeadmhar agus Dui eisean ar ball beag ina dhiaidh, agus tháinig Airgeadmhar i gcoróin.

Insíonn Seathrún Céitinn[2] scéal eile faoi theacht i réim Airgeadmhair. Chuir Eochaid é féin i gcoinne Airgeadmhair agus rinne suíochán le Dui. Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, ach mharaigh Dui go fealltach é i rith cruinniú, agus tháinig Airgeadmhar i gcoróin.

Bhí Airgeadmhar i réim ar feadh tríocha bliain (LGÉ agus ACM[3]), nó fiche trí nó tríocha hocht (FFÉ), sular mharaigh Dui agus Lugaid Laigdech mac Eochada é. Tháinig i gcoróin ansin Dui, a bhí ann mar rannpháirtí ag marú ceathrar Ard- Ríthe.

Achar ama cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 259-261
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4422-4452


Réamhtheachtaí
Eochaid mac Ailella
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 4ú haois RC
FFÉ 570–547 RC
ACM 778–748 RC
Comharba
Dui Ladgrach