Ailill Finn

Ard Rí seanscéalach na hÉireann

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Ailill Fionn' (Sean-Ghaeilge Ailill Finn) mac Airt mhic Lugdach.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAilill Finn
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairArt mac Lugdach Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíEochaid mac Ailella Cuir in eagar ar Wikidata

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis marú a athar le Fíachu Tolgrach agus a mhac Dui Ladgrach. Tar éis dhá bhliain a réime, maraíodh Fíachu Tolgrach i mbun troda in éadan Airgeadmhar mhic Síorláimhe. Chuir fir na Mumhan, agus Eochaidh mac Ailealla agus Lughaid mac Eochada Fhiamhuine i gceannas, ar deoraíocht thar lear é. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, tháinig Airgeadmhar ar ais go hÉirinn agus mharaigh sé Ailill le cabhair Dui Ladrach agus a mhic Fiacha. Theip air an choróin a ghabháil, a thóg Eochaid ina áit.[1]

De réir Foras Feasa ar Éirinn[2] agus Annála na gCeithre Máistrí,[3] tháinig Fiacha Tolgrach i gcoróin tar éis dó Art a mharú. Mharaigh Ailill é dá réir sin, agus tháinig i gcoróin féin. Bhí seisean i réim ar feadh naoi nó aon bhliain déag, sular mharaigh Airgetmar é agus tháinig Eochaid i gcomharbacht air.

Achar ama cuir in eagar

Sliocht cuir in eagar

Creidtear gur sinsear é na nGamarad as Néifinn,[4] Contae Mhaigh Eo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 259-261
  2. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4404-4415
  4. Néifinn


Réamhtheachtaí
Art mac Lugdach
Fíachu Tolgrach
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 5ú/4ú haois RC
FFÉ 586–577 RC
ACM 795–786 RC
Comharba
Eochaid mac Ailella