Aistear spásárthach comhoibríoch idir NASA, ESA agus eagraíochtaí acadúla is tionsclaíocha Eorpacha eile le dul go Satarn is Tíotán. Dhá chomhpháirt a bhí i gceist: spásárthach a dhéanfadh fithisiú thart ar Shatarn (Cassini, a sholáthair NASA, fuinnmhithe le córas RTG, gineadóir teirmileictreach radaiseatóip), agus an taiscéalaí (Huygens, a sholáthair ESA) a threáfadh atmaisféar Tíotáin is a rachadh i dtír air. Lainseáladh i 1997 é, agus bhain sé feidhm as cabhair imtharraingteach an Domhain, Véinis is Iúpatair chun díriú ar Shatarn. I 2004 tharchuir Cassiní na chéad phictiúir den ghealach Phoebe, agus cúpla mí ina dhiaidh sin bhí sé i bhfithis timpeall Satairn. D'aimsigh sé dhá ghealach nua nár braitheadh riamh roimhe. Scaoil Cassini-Huygens i dtreo Tíotáin, agus i 2005 tháinig i dtír ar Thíotán, an tuirlingt is faide amach ón Domhan riamh ag árthach de dhéanamh daonna. Fuarthas na chéad phictiúir den dromchla ar ais go luath ina dhiaidh sin.

Aistear Cassini-Huygens