Alan Lloyd Hodgkin
fiseolaí agus bithfhisicí Sasanach
Fiseolaí agus bithfhisicí a saolaíodh i mBunbury Shasana ab ea an Ridire Alan Lloyd Hodgkin (5 Feabhra 1914 – 20 Nollaig 1998). Rinne sé taighde ar radar. Rinne sé staidéar ar sheoladh bíog leictreach ar feadh snáithíní néarógacha, agus bhuaigh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1963 lena chomhghleacaí sa taighde seo, Andrew Huxley, agus John Carew Eccles.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alan Lloyd Hodgkin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |