Andrew Huxley
fiseolaí Sasanach
Fiseolaí a saolaíodh i Londain ab ea an Ridire Andrew Fielding Huxley (22 Samhain 1917 – 30 Bealtaine 2012). Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1963 le Alan Hodgkin is John Eccles as a soiléirithe ar na meicníochtaí ianacha a bhaineann le spreagadh is cosc i ngach cuid de scannán na cille néarógaí, an forimeall is an chuid lárnach.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Andrew Fielding Huxley". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 355.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |