Alexander Kerensky

polaiteoir Rúiseach
(Athsheolta ó Aleksandr Kerensky)

Polaiteoir Rúiseach ab ea Alexander Kerensky (Rúisis: Алекса́ндр Фёдорович Ке́ренский, Aleksandr Fëdorovič Kerenskij; 4 Bealtaine 188111 Meitheamh 1970 i Nua Eabharc), idir oifigeach agus réabhlóidí. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra.

Infotaula de personaAlexander Kerensky

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Александръ Ѳедоровичъ Керенскій
Beathaisnéis
Breith22 Aibreán 1881 (Iúlach)
Ulyanovsk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meitheamh 1970
89 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Putney Vale Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Aire na Rúise
21 Iúil 1917 – 7 Samhain 1917
← Georgy Lvov (en) AistrighVlaidímír Leinín →
Ball den Duma Stáit de Impireacht na rúise
Ball de Chomhthionól na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law, Saint Petersburg State University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Cathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha
Trudoviks (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
1964Radio Canada International (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileOlga Kerensky (–1939)
Lydia Tritton (1939–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOleg Kerensky
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFedor Kerensky
Síniú

IMDB: nm0449292 Find a Grave: 6532415 Cuir in eagar ar Wikidata
Alexander Kerensky

An rialtas sealadach, 1917 cuir in eagar

 
1917

B'é an fhadhb a bhain leis an rialtas seo ná nár éirigh siad as an gcogadh, cé go raibh tuirse ar mhuintir na Rúise ar fad i ndiaidh bhlianta fada an chogaidh. Ó bhí na Boilséivigh ag gealladh síochána, fuair siad cuid mhaith tacaíochta dá gcuid iarrachtaí an Rialtas Sealadach a chur ar ceal.

Bhí Kerensky ag déanamh a dhíchill leis na saighdiúirí a choinneáil i mbun troda, agus ní raibh caill ar bith air mar óráidí. Spreag sé an t-arm an uair dheireannach i rith an ionsaí i Mí Iúil. Ar dtús, bhí ag éirí leo, ach diaidh i ndiaidh, thráigh an soláthar orthu, agus bhí na Gearmánaigh ábalta an t-ionsaí a stopadh.

Nuair a bhí teipthe ar an ionsaí, thosaigh an t-arm ag titim as a chéile le linn na "laethanta i Mí Iúil", mar is gnách a thabhairt ar an tréimhse i ndiaidh na teipe. Chuathas ar stailc ina lán áiteanna, agus thosaigh na trioblóidí sna cathracha. D'fhéach Kerensky leis na Boilséivigh a chaitheamh i dtóin phríosúin, ach ní raibh na ginearáil róshásta comhoibriú leis a thuilleadh. Ansin, chinn an Ginearál Lavr Kornilov ar Chathair Pheadair a ghabháil "leis an tsíocháin a chur ar bun arís".

 
Fuair Kerensky tearmann sna Stáit Aontaithe: Washington, D.C., 21. Aib. 1938

B'fhearr le Kerensky na Boilséivigh féin ná deachtóireacht Kornilov, agus mar sin, scaoil sé saor na Boilséivigh arís eile, le go gcabhróidís leis coup d'état an ghinearáil a chosc. Ansin, thréig na Cosacaigh Kornilov, agus ní raibh arm ag an nginearál a thuilleadh.

 
Kerensky le Deni, 1917

Réabhlóid Dheireadh Fómhair cuir in eagar

Cúpla seachtain i ndiaidh na heachtra seo, shealbhaigh Lenin agus na Boilséivigh an chumhacht sa Rúise i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éalaigh Kerensky ón gcathair nuair a chonaic sé céard a bhí ag tarlú, agus d'fhág sé an chuid eile den Rialtas Sealadach sáinnithe sa Phálás Geimhridh.

Tearmann cuir in eagar

Theith Kerensky as an tír nuair a shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht. Fuair sé tearmann ar dtús sa Fhrainc. Theith sé arís sa bhliain 1940 nuair a bhrisih an Dara Cogadh Domhanda amach.

Lonnaigh Kerensky sna Stáit Aontaithe agus d'fhan sé ansin a raibh fágtha dá shaol. Bhí sé ag léachtóireacht faoi stair na Rúise, agus scríobh sé cúpla leabhar faoin Rúis agus faoi imeachtaí na réabhlóide.

D'éag Kerensky i Nua-Eabhrac sa bhliain 1970 (artairiscléaróis).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar