An Grúpa Áitiúil
Sa réalteolaíocht, is é atá i gceist leis an nGrúpa Áitiúil ná an grúpa de réaltraí ina bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, suite. Tá meáchanlár an Ghrúpa Áitiúil idir Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide. Tá an Grúpa deich milliún solasbhliain ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus mais na Gréine méadaithe faoi (1.29 ± 0.14)×1012. Cuid den Fhorbhraisle Áitiúil, ar a dtugtar Forbhraisle na Maighdine freisin, is ea an Grúpa Áitiúil.
Is iad Réaltra Andraiméide agus Bealach na Bó Finne, ar réaltraí bíseacha iad, an dá réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus lear mór réaltraí beaga ag timpeallú gach ceann acu.
Is iad satailítí Bhealach na Bó Finne ná: Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG), Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abharcréaltra an Mhadra Mhóir, Abhacréaltra an Mhadra Bhig, Abhacréaltra an Bhéir Bhig, Abhacréaltra an Dragain, Abhacréaltra na Cíle, Abhacréaltra an tSeachtamháin, Abhacréaltra an Dealbhóra, Abhacréaltra na Foirnéise, Leon a hAon, Leon a Dó, Abhacréaltra an Túcáin, agus Abhacréaltra an Bhéir Mhóir.
Is iad satailítí Réaltra Andraiméide ná: M32, M110, NGC 147, NGC 185, Andraiméide a hAon, Andraiméide a Dó, Andraiméide a Trí, Andraiméide a Ceathair, Andraiméide a Cúig, Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais, Abhacréaltra Chaiseoipé, Andraiméide a hOcht, Andraiméide a Naoi, agus Andraiméide a Deich.
Tá a leithéid ann freisin agus Réaltra an Triantáin. Is é an tríú réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil é, agus é ar an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa, nó is réaltraí bíseacha barracha iad Andraiméide agus Bealach na Bó Finne. Is féidir gur leathbhádóir de chuid Andraiméide atá ann, agus is féidir go bhfuil Abhacréaltra na nIasc á thimpeallú.
Réaltraí an Ghrúpa Áitiúil - Tábla
cuir in eagarRéaltraí Bíseacha | |||
---|---|---|---|
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
Bealach na Bó Finne | SBbc | - | An dara réaltra is mó sa Ghrúpa. |
Réaltra Andraiméide (M31, NGC 224) | SBb | Andraiméide | an réaltra is mó sa ghrúpa, sa bhliain 2006 a tuigeadh gur réaltra bíseach barrach é an ceann seo freisin |
Réaltra an Triantáin (M33, NGC 598) | SAc | An Triantán | an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa ar fad, agus is féidir gur satailít de chuid Réaltra Andraiméide atá ann |
Réaltraí Éilipseacha | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
M110 (NGC 205) | E6p | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
M32 (NGC 221) | E2 | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Réaltraí Neamhrialta | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
Wolf-Lundmark-Melotte (WLM, DDO 221) | Ir+ | An Míol Mór | |
IC 10 | KBm nó Ir+ | Caiseoipé | |
Scamall Beag Magellan (SMC, NGC 292) | SB(s)m pec | An Túcán | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréalta an Mhadra Mhóir | Irr | An Mádra Mór | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra na nIasc (LGS3) | Irr | Na hÉisc | satailít de chuid Réaltra an Triantáin? |
IC 1613 (UGC 668) | IAB(s)m V | An Míol Mór | |
Abhacréaltra an Fhéinics | Irr | An Féinics | |
Scamall Mór Magellan (LMC) | Irr/SB(s)m | An Colgán | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Leon A (Leon a Trí) | IBm V | An Leon | |
Seiseamhán B (UGC 5373) | Ir+IV-V | An Seiseamhán | |
NGC 3109 | Ir+IV-V | An Phéist Uisce | |
Seiseamhán A (UGCA 205) | Ir+V | An Seiseamhán | |
Abhacréaltraí éilipseacha | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
NGC 147 (DDO 3) | dE5 pec | Caiseoipé | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Abhacréaltra Neamhrialta an tSaighdeora (SagDIG) | IB(s)m V | An Saighdeoir | |
NGC 6822 (Réaltra Barnard) | IB(s)m IV-V | An Saighdeoir | |
Abhacréaltra Neamhrialta Pheigeasais (DDO 216) | Irr | Peigeasas | |
Abhacréaltraí sféaróideacha | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
Abhacréaltra an Aoire | dSph | An tAoire | |
Abhacréaltra an Mhíl Mhóir | dSph/E4 | An Míol Mór | |
Abhacréaltra na Madraí Fiaigh | dSph | Na Madraí Fiaigh | |
Andraiméide a Trí | dE2 | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
NGC 185 | dE3 pec | Caiseoipé | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Andraiméide a hAon | dE3 pec? | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Abhacréaltra an Dealbhóra (E351-G30) | dE3 | An Dealbhóir | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Andraiméide a Cúig | dSph | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Andraiméide a Dó | dE0 | Andraiméide | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Abhacréaltra na Foirnéise (E356-G04) | dSph/E2 | An Fhoirnéis | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra na Cíle (E206-G220) | dE3 | An Chíle | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra an Aerchaidéil | dE3 | An tAerchaidéal | |
Leon a hAon, nó Leon A (DDO 74) | dE3 | An Leon | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra an tSeiseamháin | dE3 | An Seiseamhán | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Leon a Dó, nó Leon B | dE0 pec | An Leon | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra an Bhéir Bhig | dE4 | An Béar Beag | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra an Dragain (DDO 208) | dE0 pec | An Dragan | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG) | dSph/E7 | An Saighdeoir | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra an Túcáin | dE5 | An Túcán | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Abhacréaltra Chaiseoipé (Andraiméide a Seacht) | dSph | Caiseoipé | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais (Andraiméide a Sé) | dSph | Peigeasas | satailít de chuid Réaltra Andraiméide |
Abhacréaltra an Bhéir Mhóir | dSph | An Béar Mór | satailít de chuid Bhealach na Bó Finne |
Réadanna nár sainmhíníodh go soiléir | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
Willman a hAon | abhacréaltra sféarúil, nó réaltbhraisle chruinneogach? | An Béar Mór | faoi 147,000 solasbhliain dínn |
Andraiméide a Ceathair | Irr? | Andraiméide | is dócha nach réaltra é seo ar aon nós |
UGC-A 86 (0355+66) | Irr, dE nó S0 | An Sioráf | |
UGC-A 92 (EGB0427+63) | Irr nó S0 | An Sioráf | |
Réaltraí ar dócha nach baill den Ghrúpa iad | |||
ainm | cineál | réaltbhuíon | nótaí |
GR 8 (DDO 155) | Im V | An Mhaighdean | |
IC 5152 | IAB(s)m IV | An tIndiach | |
NGC 55 | SB(s)m | An Dealbhóir | |
Abhacréaltra an Uisceadóra (DDO 210) | Im V | An tUisceadóir | |
NGC 404 | E0 nó SA(s)0- | Andraiméide | |
NGC 1569 | Irp+ III-IV | An Sioráf | |
NGC 1560 (IC 2062) | Sd | An Sioráf | |
Sioráf A | Irr | An Sioráf | |
Abhacréaltra na Loinge | Irr | An Chíle | |
2318-42 | Irr | An Chorr | |
UKS 2323-326 | Irr | An Dealbhóir | |
UGC 9128 (DDO 187) | Irp+ | An tAoire | |
Palomar a Dó Déag (Abhacréaltra an Ghabhair) | An Gabhar | Braisle chruinneogach a bhí aicmithe ina habhacréaltra sféaróideach roimhe seo | |
Palomar a Ceathair (an chéad ainm a bhí air ná Abhacréaltra an Bhéir Mhóir) | An Béar Mór | Braisle chruinneogach (roimhe seo, shíltí gur abhacréaltra sféaróideach a bhí ann) | |
Seiseamhán C |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |