Aretha Franklin
Ceoltóir pop agus gaspail ab ea Aretha Louise Franklin (25 Márta 1942 – 16 Lúnasa 2018). 'Queen of Soul' an leasainm a bhí ar an amhránaí seo a rugadh i Memphis, Stát Tennessee ach a tógadh i gcathair Detroit[1].. Bhain sí cáil dhomhanda amach di féin de bharr a guth láidir.
Áirítear gur dhíol sí breis is 75 milliún ceirnín go domhanda, agus ba mhinic í ina príomhaoi ag ceolchoirmeacha freisin.
Ba díol ionspioráide í féin agus a cuid amhránaíochta dóibh siúd i ngluaiseachtaí cearta síbhialta chomh maith le cearta na mban sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile. Chan sí ag an searmanas faoinar insealbhaíodh Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá i 2009.
Bhí 21 Grammy bainte aici agus—dar le "Rolling Stone Magazine"—ba í an t-amhránaí ab fhearr ar domhan í tráth.
Dioscliosta
cuir in eagar- 1967 I Never Loved a Man the Way I Love You
- 1967 Aretha Arrives
- 1968 Lady Soul
- 1968 Aretha Now
- 1968 Aretha In Paris
- 1969 Soul '69
- 1969 Aretha's Gold
- 1970 This Girl's In Love With You
- 1970 Spirit in the Dark
- 1971 Aretha Live At Fillmore West
- 1971 Aretha's Greatest Hits
- 1972 Young, Gifted And Black
- 1972 Amazing Grace
- 1973 Hey Now Hey (The Other Side Of The Sky)
- 1974 Let Me In Your Life
- 1974 With Everything I Feel In Me
- 1975 You
- 1976 Sparkle
- 1976 Ten Years Of Gold
- 1977 Sweet Passion
- 1978 Almighty Fire
- 1979 La Diva
- 1980 Aretha
- 1981 Love All The Hurt Away
- 1982 Jump To It
- 1983 Get It Right'
- 1985 Who's Zoomin' Who?
- 1986 Aretha
- 1987 One Lord, One Faith, One Baptism
- 1989 Through The Storm
- 1991 What You See Is What You Sweat
- 1994 Greatest Hits 1980-1994
- 1998 A Rose Is Still A Rose
- 2001 Aretha's Best
- 2003 So Damn Happy
- 2007 Jewels in the Crown: All-Star Duets with the Queen
- 2008 This Christmas
Nasc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |