An airde a dhéanann sreang nó colún aeir chreata ag leath, trian, ceathrú, etc dá bhunfhad. Braitheann tondath gutha nó gléas ceoil ar an oiread de na harmónaigh uachtaracha seo a dhéantar nuair a fhuaimnítear an bunarmónach (an mhinicíocht bhunúsach). Is féidir armónaigh a fhuaimniú neamhspleách ar an nóta bunúsach nó an fréamhnóta le gléasanna práis le béalóg an tseinnteora (le teannadh nó crapadh na liopaí), agus leis an gcláirseach is gléasanna i gclann an veidhlín trí thadhall ag nód cuí leis an tsreang atá ag crith.[1]

Armónach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Armónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 48.