Astú tánaisteach
Astú leictreon ó dhromchla ábhair mar thoradh ar a thuairgneáil le leictreoin. Bíonn speictream fuinnimh ag na leictreoin astaithe suas go dtí fuinneamh na leictreon ionsaitheach. Astaíonn miotail níos lú leictreon tánaisteach ná mar a dhéanann inslitheoirí. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i bhfóta-iolraitheoirí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Astú tánaisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |