Athruithe aeráide thar na linnte
Is é atá i gceist le hathrú aeráide ná an t-athrú in aeráid domhanda nó in aeráidí réigiúnacha thar tréimhse ama. Cuireann sé síos ar na hathruithe in athraitheacht nó i meánstaid an atmaisféir thar réimsí amscálaí ó deich mbliana go na milliún bliain. Is féidir gur próisis inmheánacha an domhain (mar sh. bolcáin), fórsaí seachtracha (mar sh. éagsúlachtaí i ndéine solais gréine) nó, le déanaí, gníomhaíochtaí daonna is cúis leis na hathruithe seo.
- Fa choinne faisnéise fa ghéarchéim na linne seo, féach an t-alt Athrú Aeráide
Taifid
cuir in eagarSa bhliain 2023, sáraíodh na teochtaí ab airde a bhí ar an taifid ó bhí 1940 ann,[2] le linn na tréimhse idir 3 Iúil agus 6 Iúil 2023. Bhí 2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid ach sáraíodh na teochtaí sin in 2024. Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[3] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[4]
Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.[2]
Féach freisin
cuir in eagar- Téamh domhanda, Athrú aeráide in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus sa tSín
- Amlíne stair na timpeallachta domhanda, Aimsir na bliana 2022, Aimsir na bliana 2023, Aimsir na bliana 2024, ...
- El Niño, Iarmhairt cheaptha teasa, Imshruthú iompaithe an uisce feadh an Atlantaigh, Sruth na Murascaille ...
- Tionchar an athraithe aeráide ar thalmhaíocht
- Fisic atmaisféarach, Ailbéideacht, Bolcánacht ...
- Oighearaois
- Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire) agus Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (SAM)
- Prótacal Kyoto, 1997, Comhaontú Aeráide Pháras, 2015, Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide (IPeC), COP26, COP27, COP28 ...
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Manish Karkera & Guy Griffiths (Institute for Environmental Analytics). "Show Your Stripes" (en). showyourstripes.info. Dáta rochtana: 2024-07-24.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE).
- ↑ de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
- ↑ Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.