Bacainn fola inchinne
(Athsheolta ó Bac fola/inchinne)
Bac roghnach ar mhalartú ábhar idir fuil is cealla na hinchinne, a bhraitheann ar thréscaoilteacht dhifreálach na ribeadán san inchinn. Trasnaíonn uisce, ocsaigin is dé-ocsaíd charbóin go tapa ach ní thrasnaíonn salainn, próitéin is dopaimín ach go mall. Meastar gur feidhm amháin atá leis an mbac is ea cosaint na hinchinne i gcoinne tocsainí san imshruthú fola.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bac fola/inchinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 57.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |