Beith gheal
Cineál beithe caoile cuanna gearrshaolaí a fhásann 15-18 m in airde, le coirt shonrach airgeadbhán. Dúchasach don Eoraip, de ghnáth na réigiúin fhuara. Fástar go minic mar mhaisiúchán í.
Betula pendula ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | birch leaf (en) ![]() ![]() ![]() |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) ![]() ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 62535 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fagales |
Fine | Betulaceae |
Géineas | Betula |
Speiceas | Betula pendula ![]() Roth, 1788 |
Ainmníocht | |
Tacsan comhchiallaigh | |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Crann duillsilteach í an bheith gheal. Tá coirt mheathbhán air a mbíonn cuma an airgid air faoi sholas áirithe. Tá craobhacha dea-chumtha, cromtha uirthi agus tagann bláthanna, no caitíní, uirthi i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine. As siocair go mbíonn na caitíní ann go luath sa samhradh, tá ceangal i luath-bhéaloideas na hÉireann idir an bheith gheal agus an ghrian. Samhlaítear an bheith gheal le breith, leis an óige, agus le glaineacht chomh maith. Is ón fhocal “beith” a thagann an chéad chonsan san oghamchraobh (aibítir oghaim). San Fhéineachas, bhain an bheith leis an aicme crann ar a dtugtaí ‘aithig fedo’, is é sin ‘tuathánaigh na coille’. In Éirinn, bhaintí úsáid as an mbeith le scuaba a dhéanamh agus bhíodh an choirt in úsáid le súdaireacht a dhéanamh.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |