Biolar uisce
Planda crua leathuisciúil ilbhliantúil, Eorpach is Áiseach, a fhásann in uisce nó gar dó is ea biolar uisce (Nasturtium officinale).[1] An gas folamh dreaptha fréamhach, na bláthanna beag bán crosfhoirmeach. Á shaothrú ón 19ú céad. Tá sé lán de vitimín C, agus baintear feidhm as a dhuilleoga géara mar tharsann is i sailéid. Á ithe in Éirinn leis na céadta bliain.[2] Cuireann foinsí áirithe biolar uisce sa ghéineas Rorippa, ach tagann an fhianaise mhóilíneach leis an dearcadh go bhfuil dhá ghéineas éagsúla ann.
Nasturtium officinale | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | watercress (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | silique (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 164311 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Brassicales |
Fine | Brassicaceae |
Treibh | Cardamineae |
Géineas | Nasturtium |
Speiceas | Nasturtium officinale R.Br. |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Rorippa nasturtium-aquaticum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Biolar uisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 74.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |