Bitheoinic
Is é is bitheoinic[1] ann ná teicneolaíocht a bhaineann le horgáin shaorga: cluasa, craiceann, fuileadáin, duáin, ailt is géaga. Baineann sí le feistí leictrimeicniúla a dhéanann aithris ar iompar neach bheo freisin. Tagann róbait a ghluaiseann ar chosa faoi scáth na heolaíochta seo, chomh maith le ríomhairí a bhaineann sochar as intleacht shaorga. I measc na gcóras bitheoinice is faide chun cinn, tá córais leictreonacha a dhéanann na matáin i gcosa duine le paraipléige a spreagadh de réir a chéile chun gur féidir leis siúl ar bhealach atá cosúil le gnáthdhuine. Chum Jack E. Steele an téarma sa bhliain 1958.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““bionics” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bitheoinic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |