Bonnán scartha

speiceas éan

Speiceas de chorr éisc sa bhfine Ardeidae is ea an bonnan scartha (Ixobrychus involucris), ar dtugtar el mirasol chico, el mirasol comúnel huairavillo. Bíonn sé ar fáil i Meiriceá Theas agus Oileán na Tríonóide .

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBonnán scartha
Ixobrychus involucris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais80 g (meáchan fásta) Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál3.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22697294 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPelecaniformes
FineArdeidae
GéineasIxobrychus
SpeiceasIxobrychus involucris Cuir in eagar ar Wikidata
(Vieillot, 1823)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airArdea involucris Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Cur síos cuir in eagar

 

Tá an bonnán scartha an-bheag, timpeall 30 cm ar an meán ar fhad. Tá sé dath dorcha donn go leor air le patrún riabhach bán agus donn ar a chúl, agus stríoch dubh ó cheann go heireaball, cé go bhfuil an bolg níos éadroime donn agus níos riabhaí le dath bán. Glaonn an bonnán seo trí ghlao ar leith, ísealairde, nó trí ghlugarnaí

Dáileadh agus gnáthóg cuir in eagar

Bíonn an bonnán scartha le fáil go forleathan i bpaistí móra ar fud Mheiriceá Theas, lonnaithe sa Cholóim, Veiniséala, an Ghuáin, Suranam, Guáin na Fraince agus oileán Oileán na Tríonóide ó thuaidh, agus i bParagua, Uragua, an Airgintín, an tSile agus an Bhrasaíl ó dheas,[1] ina gcónaí ngiolcarnacha agus gcíbligh.

Iompar agus éiceolaíocht cuir in eagar

Ainmhí aonair is ea an bonnán scartha. De ghnáth, beathaíonn sé san oíche ar éisc bheaga, chrústaigh agus fheithidí cosúil le snáthaidí móra agus doirbeacha. Ní éan eitilte láidir é, agus ní dhéanann sé amhlaidh ach thar achair ghearra. Nuair a bhíonn se faoi bhagairt, glacann sé leis an sainriocht a bhíonn ag na bonnáin, ar a dtugtar deasú gardála. Síneannan sé a muineál amach go hingearach, ag pointeáil i dtreo na spéire.

Tógann na bonnáin seo neadacha beaga as giolcacha agus gais, atá le fáil os cionn leibhéal an uisce, i measc giolcach. Tá trí ubh san ál. Ní fios an tréimhse goir d’uibheacha, agus is cosúil go n-athraíonn séasúir pórúcháin de réir an tsuímh.

Stádas cuir in eagar

Meastar gur speiceas is lú imní (LI) é an bonnán scartha mar gheall ar a raon leathan, agus daonra mór seasmhach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. BirdLife International (2012). "Ixobrychus involucris". IUCN Red List of Threatened Species. 2012. Retrieved 26 November 2013.CS1 maint: ref=harv (link)
  • ffrench, Richard (1991). A Guide to the Birds of Trinidad and Tobago (2nd ed.). Comstock Publishing. ISBN 0-8014-9792-2.
  • Junge, G.C.A.; Mees, G.F. (1961). Avifauna of Trinidad and Tobago. E.J. Brill.
  • Kushlan, James A.; Hancock, James A. (2005). Herons. Oxford University Press. ISBN 0-19-854981-4.
  • Martínez-Vilalta, A.; Motis, A.; Kirwan, G.M. (2014). "Stripe-backed Bittern (Ixobrychus involucris)". Handbook of the Birds of the World Alive. Lynx Edicions. Retrieved 24 February 2015.
  • Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".