Brent Scowcroft
Oifigeach Aerfhórsa agus taidhleoir Meiriceánach ab ea Brent Scowcroft (19 Márta 1925 – 6 Lúnasa 2020). Bhí sé ina Chomhairleoir Slándála Náisiúnta faoi dhó, ar dtús faoin Uachtarán Gerald Ford agus ansin faoin Uachtarán George H. W. Bush. D'fhreastail sé mar Chúntóir Míleata faoin Uachtarán Richard Nixon agus mar Leaschúntóir don Uachtarán i gComhair Chúrsaí Slándála Náisiúnta faoi Nixon agus Ford. Bh sé ina Chathaoirleach ar Bhord Chomhairleach an Uachtaráin um Eolas Eachtrannach faoin Uachtarán George W. Bush ó 2001 go 2005, agus chuidigh sé leis an Uachtarán Barack Obama lena fhoireann slándála náisiúnta féin a chur le chéile. Bhí clú air mar thraidisiúnaí, is é sin le rá, gan a bheith ag bacadh mórán le daonlathas nó athruithe eile a chothú i dtíortha eile. Mhúin sé stair na Rúise ag West Point agus bhí roinnt teachgacha Slávacha aige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |