George H. W. Bush
B'é George Herbert Walker Bush (12 Meitheamh 1924 - 30 Samhain 2018) 41ú hUachtarán na Stát Aontaithe (Poblachtach). Tháinig sé i gcomharbacht ar Ronald Reagan sa bhliain 1989.
Saol
cuir in eagarD’fhreastail Bush ar Ollscoil Yale. Phós sé a bhean chéile Barbara sa bhliain 1945.
Bhí Bush ina theachta comhdhála i Texas (1967-1971), agus ansin an t-ambasadóir chuig Na Náisiúin Aontaithe (1971–1973). Bhí sé i gceannas ar an C.I.A (Central Intelligence Agency) 1976–1977.
Toghadh é mar leas-Uachtarán faoi Reagan sa bhliain 1980.
B'é Bush an t-uachtarán i rith Chogadh na Murascaille sa bhliain 1990.
Níor atoghadh ina uachtarán é sa bhliain 1992; tháinig Bill Clinton i gcomharbacht air i 1993.
Mar sin d'éirigh Bush as an bpolaitíocht sa bhliain 1993.
Ba é athair an uachtaráin George W. Bush. Bhí a mhac ina Uachtarán ar Mheiriceá ó 2001 go dtí 2009.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |