Ronald Reagan

40ú huachtarán na Stát Aontaithe, ó 1981 go 1989

B'é Ronald Wilson Reagan (Gaeilge: Raghnall Mac Liam Ó Ríagáin) (6 Feabhra 1911 - 5 Meitheamh 2004) an 40ú hUachtarán na Stát Aontaithe (1981-1989), agus an 33ú Gobharnóir California ó 1967 go dtí 1975.

Infotaula de personaRonald Reagan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Ronald Wilson Reagan
6 Feabhra 1911
Tampico, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meitheamh 2004
93 bliana d'aois
Bel Air, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine agus Galar Alzheimer)
Áit adhlacthaRonald Reagan Presidential Library (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
40 Uachtarán na Stát Aontaithe
20 Eanáir 1981 – 20 Eanáir 1989
← Jimmy CarterGeorge H. W. Bush →
31 Uachtarán tofa na Stát Aontaithe
4 Samhain 1980 – 20 Eanáir 1981
← Jimmy CarterGeorge H. W. Bush →
33 Gobharnóir California
2 Eanáir 1967 – 6 Eanáir 1975
← Pat BrownJerry Brown →
President of SAG (en) Aistrigh
1959 – 1960
← Howard KeelGeorge Chandler →
7 President of SAG (en) Aistrigh
1947 – 1952
← Robert MontgomeryWalter Pidgeon → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas, Restorationism (en) Aistrigh agus Eaglais Chríostaí (Disciplíní Chríost)
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eureka - eacnamaíocht, socheolaíocht (1928–1932)
Ardscoil Dixon (1924–1928) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheRancho del Cielo
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Airde71 in Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. (1981–1989)
Sacramento (1967–1975)
Hollywood (1945–1967)
Fort MacArthur (en) Aistrigh (1945–1945)
Culver City (1942–1945)
Fort Mason (en) Aistrigh (1942–1942)
Hollywood (1937–1942)
Des Moines (1933–1937) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmoifigeach míleata (1942–1945), aisteoir (1937–1960), fógróir (1933–1937), garda tarrthála (1927–1932), dialannaí, aisteoir gutha, ceardchumannaí, státaire, aisteoir teilifíse, aisteoir saincharachtair, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, polaiteoir, dírbheathaisnéisí, frithchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1 Meitheamh 1937 –
FostóirWarner Bros. (1937–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach (1962–2004)
Páirtí Daonlathach (–1962) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
GníomhaireMusic Corporation of America, Inc. (en) Aistrigh
Gairm mhillteach
GéillsineStáit Aontaithe Mheiriceá
Brainse míleataArm Cúltaca na Stáit Aontaithe, Arm na Stát Aontaithe, Arm Cúltaca na Stáit Aontaithe agus Air Force Reserve Command (en) Aistrigh
Céim mhíleatasaighdiúir singil (1937–1937)
second lieutenant (en) Aistrigh (1937–1943)
céadleifteanant (1943–1943)
captaen (1943–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda agus American Theater (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
30 Márta 1981iarracht Ronald Reagan a fheallmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJane Wyman (1940–1949), colscaradh
Nancy Reagan (1952–2004), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaureen Reagan
 ( Jane Wyman)
Ron Reagan
 ( Nancy Reagan)
Patti Davis
 ( Nancy Reagan)
Christine Reagan
 ( Jane Wyman) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJack Reagan  agus Nelle Wilson Reagan
SiblínNeil Reagan
Duine muintearthaMichael Reagan (mac uchta) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
4 Márta 1952wedding of Ronald Reagan and Nancy Davis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Suíomh gréasáinwhitehouse.gov…
IMDB: nm0001654 Allocine: 9534 Rottentomatoes: celebrity/ronald_reagan Allmovie: p59108 134853 TV.com: people/ronald-reagan
Facebook: RonaldReagan iTunes: 2072784 Musicbrainz: f7d8abe8-c693-4514-92e1-7d62275d3a51 Songkick: 436089 Discogs: 226283 Find a Grave: 4244 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Ronald Reagan a bhain Toghchán Uachtaránachta SAM i Samhain 1980. Chaith sé dhá theárma ina Uachtarán; le linn an ama seo thit an Cogadh Fuar chuig íosphointí nua teannais agus ansin bhain sé ardphointí nua chomhoibrithe amach; pointí a bhí chóir a bheith doshamhalta go dtí sin.[1]

Reagan sa scannán "Knute Rockne All American", 1940

Aisteoir cuir in eagar

Aisteoir ba ea Reagan sna 1940idí-1960idí. Bhí Reagan áirithe i measc na bhfear ba bhreátha go fisiciúil i Hollywood ina óige.[2] Bhí cáil air mar mar chraoltóir chomh maith.

Uachtaránacht cuir in eagar

 
1950idí

Chaill Jimmy Carter in aghaidh Reagan sa bhliain 1980. Ag 69 bliain d'aois, b'é Reagan an duine is sine ag an am nuair a toghadh ina Uachtarán é sa bhliain 1980 (bhí Trump beagainín níos sine níos déanaí). Is iomaí spochadh a bhíodh ann faoina aois ag an am.  An bhféadfadh ‘seanfhear’ cúraimí na Stát Aontaithe a láimhsiú?[3]

Chaith Reagan ocht mbliana sa Teach Bán.[4] áirítear Reagan ar dhuine de na hUachtaráin ba mhó riamh a thaitin le pobal Mheiriceá.[3]


Luann an tOllamh le hEolaíocht Pholaitiúil, John Orman, go raibh seacht gcinn de thréithe ag Reagan a d’oibrigh thar cionn dó mar Uachtarán ar Mheiriceá sna hochtóidí. Ba iad na tréithe sin:

Díocas chun coimhlinte sa bpolaitíocht agus sa saol. Suim aige i gcúrsaí spóirt; É aclaí. Muinín aige as a thuairimí féin agus a sheasamh féin ar cheisteanna na polaitíochta agus an tsaoil. É ábalta guaim a choinneáil ar a chuid mothúchán go poiblí. É láidir agus daingean. Agus é ar a chompord leis an gcumhacht.[2]

 
1980
 
1984

Chuirfí Reagan san eite dheis ach ní raibh leisce air comhréiteach a dhéanamh ar cheisteanna go leor leis na Daonlathaigh.

Ar 30 Márta 1981,:rinneadh iarracht feallmharaithe ar Reagan i Washington DC

 
Reagan agus George H. W. Bush, 1984

Geopholaitíochtː an Cogadh Fuar cuir in eagar

Bhí Reagan frithchumannach go smior agus mar sin de in éadan détente. In 1983 thug sé an t-ainm clúiteach ‘impireacht an oilc’ ar an APSS agus thaispeáin sé go soiléir an rún daingean a bhí aige a chinntiú nach scriosfadh na Cummanaigh Meiriceá choíche.[1] Dúirt Reagan ar an APSSː

'Impireacht an oilc . . . fócas an oilc i saol an lae inniu . . . creidim go bhfuil an cumannachas ina chaibidil aisteach bhrónach eile i stair an chine dhaonna a bhfuiltear ag scríobh a cuid leathanach deireanach anois féin.'

Chuige sin thosaigh sé a chaitheamh ollsuimeanna airgid ar chórais nua slándála agus chosanta. Tugadh isteach réimse de dhiúracáin nua-aimseartha. Bunaíodh líon suntasach de na diúracáin seo san Eoraip, rud a ghoill go mór ar ghrúpaí síochána ar nós CND (Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach).[1]

‘Star Wars’ cuir in eagar

 
'Star Wars'ː Reagan, George Shultz i lár, and James Baker ar chlé, 1986

Bhí an córas cosanta 'Star Wars' go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan. Thacaigh Reagan le forbairt an Tionscnamh Straitéiseach Cosanta (Strategic Defense Initiative), córas léasair cosanta a mbeadh de thoradh air go gcruthófaí sciath thart ar SAM, nárbh fhéidir le diúracáin na Rúise teacht tríd. Ní haon ionadh é, b’fhéidir, gur tugadh an leasainm ‘Star Wars’ air.[1]

 
1987

D’éirigh an teannas chomh géar sin go ndearna an Rúis baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha i 1984 a reáchtáladh i Los Angeles.

Geilleagar cuir in eagar

Chosain forbairtí ar nós Star Wars na billiúin dollar agus roimh i bhfad bhí deacrachtaí ag geilleagar SAM. Bhí an cás níos measa fiú sa Rúis, áfach; agus Moscó ag iarraidh fanacht cab ar chab le dul chun cinn teicneolaíoch SAM, chóir a bheith gur thit geilleagar na Rúise as a chéile ar fad. Bheadh ar an dá thír costais a ísliú ar bhonn práinne.[1]

Cainteanna faoi Theorannú Arm cuir in eagar

Mar dhóigh le teacht chun réitigh, thionóil Reagan agus Mikhail Gorbaitseov sraith de chruinnithe mullaigh. I dtús báire is beag a baineadh amach. Ach i ndiaidh idirbheartaíocht dhian d’aontaigh an dá thaobh ar armlón a laghdú. Bhí an comhaontú s’acu le fáil i gConradh na bhFórsaí Núicléacha le Meánraon ar 8 Nollaig 1987,[5] a chinntigh gur cuireadh as feidhm na mílte arm núicléach agus a chuir stad le clár Star Wars. Lig an Conradh fosta d’fhoirne cigirí maoirseacht a dhéanamh ar scrios na n-arm.

Oidhreacht cuir in eagar

Is beag a chodail Reagan agus tháinig galar Alzheimer air; d'éag 5 Meitheamh 2004. Inniu faightear iarsmalann Ronald Reagan i Simi Valley, California.

Éire cuir in eagar

Thug neart de na Gael-Mheiriceánaigh tacaíocht do Ronald Reagan lena linn. Is cosúil gur duine tíriúil a bhí ann chomh maith le bheith ina aisteoir.[6] Bhí Reagan bródúil as a shinsear agus as an ngéineolaíocht Éireannach a bhí fite fuaite ina chreatacha.[7]

Tháinig Reagan ar cuairt ar Éirinn i 1984 agus tharraing sé conspóid. Mar shampla dhiúltaigh an tEaspag Eamonn Casey bualadh le Reagan i nGaillimh. Níor aontaigh an tEaspag le polasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i Meiriceá Láir ag an am.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 stmarys-belfast.ac.uk (2014). "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 Máirtín Ó Catháin (2016). "‘I won’t vote for a crook or an assh*le’ – caitheamh i ndiaidh Kennedy agus Reagan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  3. 3.0 3.1 Máirtín Ó Catháin (13 Nollaig 2016). "Blianta faoi bhláth – Donald Trump agus feirmeoirí Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  4. Máirtín Ó Catháin (15 Iúil 2021). "Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  5. "Intermediate-Range Nuclear Forces Treaty" (as en) (2022-06-02). Wikipedia. 
  6. Seosamh Ó Cuaig (8 M.F. 2020). "Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  7. Máirtín Ó Catháin (2 Nollaig 2020). "Tréithe na nÉireannach sa Teach Bán – buntáiste do Joe Biden?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  8. tuairisc.ie (2017). "Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.