Nancy Reagan

Céadbhean na Stát Aontaithe (1981–1989)

Baintreach Ronald W. Reagan, 40ú uachtarán na Stát Aontaithe ab ea Nancy Reagan, a rugadh mar Anne Frances Robbins ar an 7 Iúil 1921 i gCathair Nua-Eabhrac. Fuair Nancy bás ar an 6 Márta, 2016.

Nancy Reagan
Nancy Reagan.jpg
First Lady or Partner of California (en) Aistrigh

Eanáir 2, 1967 - Eanáir 6, 1975
Bernice Layne Brown - Gloria Saatjian
Great Seal of the United States (obverse).svg
Céadbhean na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1981 - Eanáir 20, 1989
Rosalynn Carter - Barbara Bush
Saol
Ainm iomlánAnne Frances Robbins
Eolas breitheManhattan, 6 Iúil 1921
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásBel Air, 6 Márta 2016
Áit adhlacthaRonald Reagan Presidential Library (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (cliseadh croí)
Muintir
AthairKenneth Seymour Robbins
MáthairEdith Luckett Davis
Céile/CéilíRonald W. Reagan  (Márta 4, 1952 -  Meitheamh 5, 2004)
Páistí
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materSmith College (en) Aistrigh
Feinberg School of Medicine (en) Aistrigh
Latin School of Chicago (en) Aistrigh
Sidwell Friends School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmaisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, dírbheathaisnéisí, polaiteoir, aisteoir stáitse, dlíodóir, duine den lucht gnó agus aisteoir
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinPreispitéireachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Poblachtach
IMDbnm0004864
Discogs ID1824498
NanReaganSignature.png

Chaith Nancy Reagan a céad dhá bhliain in Queens, Nua-Eabhrac, ach d'fhás sí aníos i Maryland sa chuid ba mhó faoi chúram aint agus uncail léi. B'shin na blianta a raibh a máthair ag taisteal agus í ar lorg oibre mar aisteoir. Ansin phós a máthair néaramháinlia coimeádach darbh ainm Loyal Davis. Rinne Nancy staidéar ag Girls' Latin School of Chicago. Bhain sí céim amach in Smith College mar a ndearna sí staidéar ar Bhéarla agus ar dhrámaíocht.

Chuaigh Nancy leis an aisteoireacht díreach cosúil lena máthair agus fuair sí páirteanna i roinnt scannán. Ghlac sí an t-ainm Nancy Reagan ag an am sin. Phós sí aisteoir eile, Ronald W. Reagan, a bhí ina uachtarán ar an Screen Actors Guild ag an am.

Céad-Bhean Stát Chalifornia a bhí inti i ndiaidh gur toghadh Ronald Reagan mar ghobharnóir an stáit úd. Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti sna blianta 1981–1989. Ina dhiaidh sin, chuir siad fúthu in Bel Air, in Los Angeles, California. Chaith Nancy na blianta a tabhairt aire do Ronald, a raibh an galar Alzheimer ag teacht air, go dtí a bhás sa bhliain 2004. Bhí Nancy gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, go mór mhór ag cothú tacaíochta do thaighde ar ghaschealla suthacha.

Bhí beirt chlainne orthu: Ron Reagan agus Patti Davis.