Brian mac Murchadha Ó Briain

Leath-rí na Mumhan le seal gairid sa bhliain 1118 ba ea Brian mac Murchadha Ó Briain (Meán-Ghaeilge Brian mac Murchada Ua Briain) (bás 1118).[1]

Infotaula de personaBrian mac Murchadha Ó Briain
Beathaisnéis
Bás1118 (Féilire Ghréagóra)
Rí na Mumhan
1118 – 1118 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaDonnchad mac Briain (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Murchadh Ó Briain, rídhamhna agus leath-rí na Mumhan maraithe sa bhliain 1068, ba ea a athair.[2]Donnchad mac Briain, Ardrí na hÉireann, ba ea a sheanathair. Tar éis bhás an Ardrí, Toirdhealbhach Ó Briain, col ceathrar a athar, sa bhliain 1086, bhí an chomharbacht ina hábhar achrainn idir a thriúr mac, .i. Muircheartach, Diarmaid agus Tadhg. Sa bhliain 1118, tar éis bhás Diarmada, d'éirigh le Brian, taoiseach Dhál Cais, coróin na Mumhan uile a éileamh.[3] Maraíodh Brian ámh an bhliain chéanna ag Tadhg mac Muireadhaigh Mac Cárthaigh, mar chuid den aighneas in éadan Uí Bhriain agus Mhic Cárthaigh. Maraíodh Amhlaibh Ó hEachach chomh maith,[4] agus cuireadh a chol ceathrar, Muircheartach, ar ais i gcoróin an dara huair.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Aguisín II, Tábla 17: Dál Cais Kings of Munster and Thomond
  2. Annála Uladh, AU 1068.3
  3. Moody et ál., Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II, tábla 11, Dal Cais Kings of Munster and Thomond 954-1194
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 1118.7