Cúil Raithin

baile i gContae Dhoire
(Athsheolta ó Cúil Raithlin)

Is baile mór é Cúil Raithin[1] i gContae Dhoire i dTuaisceart Éireann, in aice le béal abhainn na Banna agus timpeall leath bealaí idir Béal Feirste agus Doire Cholm Cille.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCúil Raithin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55° 07′ 59″ N, 6° 39′ 40″ O / 55.133°N,6.661°W / 55.133; -6.661
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) AistrighCauseway Coast and Glens (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Causeway Coast and Glens (en) Aistrigh (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1416661

Dar le daonáireamh na bliana 2001 bhí cónaí ar os cionn 24,000 duine sa bhaile. Baile gnaitheach tionsclaíochta agus margaidh atá ann agus is ann atá cuid de na leibhéil ioncaim is airde i dTuaisceart Éireann. Tá galfchúrsaí, tránna ionad seoltóireachta agus áiseanna caitheamh aimsire agus siamsaíochta eile sa chomharsanacht a thugann caighdeán an-ard maireachtála don phobal.

Tá suíomh an-suntasach an mbaile mar a bhfuil droichead thar an abhainn. Tugtar an Diamaint ar chearnóg an bhaile agus is atá halla an bhaile agus Eaglais Naomh Pádraig de chuid Eaglais na hÉireann; agus tamall lasmuigh den bhaile féin tá campas Ollscoil Uladh agus an Riverside Theatre, a bhfuil an-cháil orthu ó thaobh a gcuid ailtireachta.

Is i gceantar Chúil Raithin a thángthas ar na hiarsmaí lonnaíochta daonna is sine in Éirinn. Bhí an baile ar cheann den dá phobal uirbeach a d'fhorbair Cuideachtaí Londain ag tús an 17ú haois le linn Phlandáil Uladh - tugadh ainm an bhaile ar an chontae ar feadh tamaill sular tugadh (London)Derry air. D'fhás an baile le teacht na tionsclaíochta i rith an 19ú haois agus mhéadaigh an daonra go mór tar éis an Dara Cogadh Domhanda, go háirithe nuair a rinneadh cinneadh go mbunófaí ollscoil ann sna seascaidí. Osclaíodh stáisiún traenach ann ar an 4 Nollaig 1855.