Clann an-mhór plandaí, i réigiúin loiscneacha de réir cineáil, ach a fhaightear i ngnáthóga eile. Dúchasach don Domhan Úr. Sa Seandomhan tá spuirsí atá an-chosúil le cachtais. An-chuid saghsanna atá éagsúil i méid, cruth is a n-oiriúniú dá gcomhshaol. Iad go léir súmhar agus stórálann siad uisce, uaireanta sna fréamhacha ach de ghnáth i ngais bhorrtha cosúil le bairillí. Is féidir le cuid acu borradh nó crapadh, ag brath ar thoirt an uisce iontu. Bíonn an planda in ann maireachtáil ar feadh blianta gan bháisteach. Leathrúil le cneas céiriúil. Go minic bíonn fairsinge an dromchla laghdaithe oiread agus is féidir de bharr an planda a bheith sféarúil. Go minic bíonn sé clúdaithe le spíonta a chosnaíonn ó ainmhithe é. A bhláthanna mór feiceálach, agus pailnítear iad ag beacha, seabhacleamhain, dordéin is ialtóga. Na bláthanna a phailnítear de lá (ag éin), bíonn siad dearg is buí, gan bholadh. Iad sin a phailnítear istoíche bán den chuid is mó, le boladh atá láidir, uaireanta gránna. Na torthaí méith, uaireanta inite.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCachtas
Cactaceae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineCactaceae Cuir in eagar ar Wikidata
Juss., 1789
Cineál tacsanomaíochCactus Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Stádas ainmníochtanomen conservandum Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cachtas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 103.