Caidéinse
Mír ceoil thobchumtha is ea caidéinse[1], de ghnáth le carachtar rímháistreach nó rithim shaor, a sheinneann ceoltóir aonair mar shaghas aguisín le príomhchorp an tsaothair. Bíonn an cheolfhoireann ina tost le linn an chaidéinse de ghnáth. Seinneann an t-aonréadach leis féin, is píosa casta é a thugann deis don seinnteoir a thallann ar an uirlis a léiriú.[2]
In amanntaí scríobh an cumadóir an ceol don cadenza amach ach in amanntaí eile fágadh faoin seinnteoir tobchumadh a dhéanamh air. Chum cumadóirí áirithe caidéinsí tionlactha, cosúil le Strauss, Elgar is Walton. I gcoinséartónna Mozart is Beethoven, bíonn an príomhchaidéinse ag deireadh an chéad ghluaiseacht. Ach chuir cumadóirí ina dhiaidh sin caidéinsí isteach ag pointí randamacha, mar shampla Liszt.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Cadenza i mBéarla
- ↑ COGG. "Leabhar ceoil ː Ardteist A". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caidéinse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 104.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |