Foirm mhianrach de charbónáit chailciam, CaCO3, agus an príomhchomhábhar in aolchloch is marmar. Is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar dheascadh ó thuaslagáin atá saibhir i gcarbónáit chun aolchuisní is aolchoinnle a fhoirmiú agus struchtúr sceireacha coiréalacha a dhéanamh. Faightear criostail thrédhearcacha i ndeascthaí féitheacha, agus tugtar sparra Íoslannach orthu sin. Úsáidtear í i ndéanamh stroighin Portland.

Cailcít